Press "Enter" to skip to content

Taispeántas Náisiúnta iontach ar an bPrintíseacht do Commis Chefanna: Ceiliúradh á dhéanamh ar Éagsúlacht i dTallann Chócaireachta

Bhí Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) ina óstach ar mhórócáid chócaireachta ag Óstán an Great Southern i gCill Airne le déanaí. Tháinig 52 iomaitheoir ó cheann ceann na tíre le chéile ag Taispeántas Náisiúnta ar an bPrintíseacht do Commis Chefanna. Reáchtáladh 6 chomórtas taispeántais agus 5 chomórtas cócaireachta beo le linn an imeachta, agus bhí sé ina cheiliúradh bríomhar ar thallann chócaireachta agus gairmoiliúint in Éirinn.

Ag labhairt dó faoin imeacht mór le rá seo, dúirt Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, Colm McEvoy, “Tá ról ríthábhachtach ag printíseachtaí i múnlú an tionscail fáilteachais amach anseo, ag soláthar na hoiliúna agus na scileanna atá riachtanach do chefanna ionas go mbeidh rath orthu i dtírdhreach cócaireachta dinimiciúil an lae inniu. Táimid thar a bheith bródúil a bheith mar phríomhsholáthraithe den chlár printíseachta iontach seo agus táimid buíoch as an tacaíocht agus as an gcomhoibriú gan staonadh ó Chónaidhm Óstáin na hÉireann. Le chéile, ní hamháin go bhfuilimid ag cothú tallainne ach táimid ag neartú bhunchloch earnáil fáilteachais bhríomhar na hÉireann leis.”

Agus é ag déanamh comhghairdeas leis na hiomaitheoirí ar fad, dúirt Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Óstáin na hÉireann Tim Fenn, “Léiríonn an paisean agus na scileanna a léirigh na Printísigh Commis Chefanna go bhfuil todhchaí iontach geal ag baint le printíseacht cócaireachta in Éirinn. Soláthraíonn an Clár Náisiúnta Printíseachta do Commis Chefanna deis ríthábhachtach dóibh siúd ar mian leo bealach tuillimh agus foghlama a leanúint chun cáiliú mar Commis Chef ar a dturas gairme. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do BOO Chiarraí agus do na BOOanna go léir a ghlac páirt, chomh maith leis na fostóirí, na meantóirí, na hoifigigh údaraithe, na foirne oiliúna, na moltóirí agus gach duine a bhí páirteach in eagrú na hócáide sárthaispeántais seo.”

Ba é buaicphointe an taispeántais ná 21 gradam a bhronnadh, ag tabhairt aitheantais ar shármhaitheas i gcatagóirí éagsúla. Is díol suntais é gur bronnadh trófaithe áille lámhdhéanta arna ndéanamh ag Printísigh Saor Cloiche agus Gearradh Cloiche ó Choláiste Chiarraí ar na buaiteoirí ag an searmanas. Chomh maith leis sin, bronnadh boinn airgid agus boinn chré-umha ar iomaitheoirí den scoth a chuir le hardghradam na hócáide.

Mar thaispeántas ar an tallann iontach agus fíneáltacht cócaireachta, bhain printísigh BOO Chiarraí cúig phríomhghradam amach i gcatagóirí éagsúla. Chuaigh printísigh BOO Chiarraí go mór i bhfeidhm ar bhreithiúna agus ar lucht féachana araon lena gcuid scileanna agus cruthaitheacht den chéadscoth.

Ba í Melissa Cahillane a bhí chun tosaigh, ag baint na chéad áite amach i gComórtas Beo Iles Flottante lena máistreacht cócaireachta. Ba é cur chuige nuálach Melissa, mar aon lena pointeáilteacht, an difear, agus bronnadh gradaim agus aitheantas uirthi ó bhreithiúna agus ó phiaraí araon.

Léirigh Eoin McDonnell saineolas gan sárú sa chatagóir Taispeántas Teirrín Feola, ag léiriú ní hamháin inniúlacht theicniúil ach bua ealaíonta chomh maith a d’fhág go raibh na moltóirí an-tógtha leis. Bhí tiomantas Eoin dá cheird agus don fheabhas le feiceáil i ngach gné dá chur i láthair.

Ghlac Helen Devane croí agus blaslóga an lucht féachana lena feidhmíocht iontach sa chatagóir an Taispeántais Canapés. Ní hamháin gur las saothair chócaireachta Helen na céadfaí ach léirigh sí leis go raibh sí in ann teorainneacha a shárú ó thaobh blas agus cur i láthair de.

Sa chatagóir Petit Fours, chruthaigh Adam David Nagy gur dheacair é a threascairt, ag cur iontais ar na breithiúna lena mhilseoga casta agus a chur i láthair iontach. Tháinig paisean Adam do na healaíona taosráin chun solais ina chuid cruthaitheachta fíorálainn, rud a thuill aitheantas iontach dó mar réalta atá ag teacht chun cinn i saol na cócaireachta.

Thug Maria Elena Traynor léiriú iontach BOO Chiarraí chun críche lena bua sa Chomórtas Filléad Mairteola. Bhí saineolas agus cruinneas cócaireachta Maria ar taispeáint go hiomlán agus í ag ullmhú agus ag cur a mias i láthair go saineolach, rud a thuill ardmholadh ó na breithiúna as a teicníc sciliúil agus a stíl iontach.

Agus machnamh á dhéanamh ar thábhacht na hócáide, rinne Con O’Sullivan, Bainisteoir Campais Mhóin an Bhaile i gColáiste Chiarraí, comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí agus leis na buaiteoirí ar fad. Rinne sé a mbuanna agus a ndíograis iontach a mholadh, agus ghabh sé buíochas chomh maith leis na breithiúna agus leis an eagraí Malloy Higgins as a n-iarrachtaí dícheallacha chun imeacht iontach a chinntiú.

I measc na n-iomaitheoirí a sheas amach bhí Thomas Shannon, 17 mbliana d’aois ó BOO Luimnigh agus an Chláir agus an mac léinn lánfhásta Grace Nagle ó BOO Thiobraid Árann. Chuaigh Thomas i bhfeidhm ar na moltóirí lena scileanna sa Chomórtas Beo Sól Dubh, rud a léirigh ardleibhéal inniúlachta dá aois. Chuir a rannpháirtíocht béim ar chuimsitheacht na gclár printíseachta, rud a léirigh nach bacainn cúrsaí aoise d’aislingí cócaireachta a bhaint amach.

Bhain Grace Nagle an bonn airgid amach i gComórtas Cócaireachta Beo Iles Flottante, rud a chur béim bhreise ar inrochtaineacht printíseachtaí. Agus í ina mac léinn lánfhásta, is cruthú é turas Grace go bhfuil printíseachtaí ann do chách, beag beann ar aois nó cúlra. Spreag sí chefanna ardaidhmeannacha chun an deis a thapú le Printíseacht an Commis Chef a bhaint amach, ag moladh na dteagascóirí eisceachtúla agus an tacaíocht gan staonadh a cuireadh ar fáil le linn an chláir.

Agus machnamh á dhéanamh ar rath na hócáide, chuir Malloy Higgins, Comhordaitheoir an Chláir Náisiúnta, a díograis in iúl, ag rá, “Sháraigh an Taispeántas ar Phrintíseacht an Commis Chef ár n-ionchais ar fad, ag cur béime ar an tallann agus ar an bpaisean dochreidte atá laistigh dár bpobal printíseachta. Tá sé thar a bheith spreagúil na príomhchócairí óga seo a fheiceáil ag léiriú a gcuid scileanna le bua agus le cruthaitheacht.”

Ghabh Mallory buíochas chomh maith leis na breithiúna agus na saineolaithe a ghlac páirt i bpléití painéil le linn an imeachta. “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár mbreithiúna agus saineolaithe tionscail a bhfuil ardmheas orthu agus a roinn a gcuid saineolais agus léargais go flaithiúil le linn an imeachta. Bhí an méid a rinne siad thar a bheith luachmhar maidir le treoir agus meantóireacht a sholáthar dár gcuid chefanna,” a dúirt sí.

Ní hamháin go ndearnadh ceiliúradh ar thallann chócaireachta le linn an Taispeántais a Phrintíseacht Náisiúnta an Commis Chef ach bhí sé mar ardán freisin do ghairmithe agus díograiseoirí tionscail chun éagsúlacht agus acmhainneacht na gclár printíseachta a léiriú. Agus meascán cruthaitheachta, scile agus paisean ann, chuir an t-imeacht béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an ngairmoiliúint chun an chéad ghlúin eile den tsármhaitheas chócaireachta a chothú.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Printíseacht Náisiúnta an Commis Chef, tabhair cuairt ar www.commischefapprenticeship.ie

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar