Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 i bhfeidhm ar an 15 Iúil 2014. Cuireann an tAcht creat ar fáil inar féidir le hoibrithe a n-imní a chur in iúl maidir le míghníomh ionchasach atá feicthe acu san ionad oibre agus fios acu gur féidir leo feidhm a bhaint as cosaintí suntasacha agus eile má ghearrann a bhfostóir pionós orthu nó más rud é gurb é/í an fostaí a bheidh thíos leis faoi sin a dhéanamh.
Tá polasaí curtha i bhfeidhm ag BOO Chiarraí agus, nuair a chuirtear é sin i gcomhar leis an reachtaíocht, spreagfaidh sin oibrithe chun míghníomh ionchasach a thuairisciú agus fios acu go nglacfar go dáiríre lena n-ábhair imní, go ndéanfar sin a fhiosrú, nuair is cuí, agus go léireofar meas ar a rúndacht.
Nochtadh Cosanta a Dhéanamh
De réir na bhforálacha d’Acht na Nochtuithe Cosanta 2014, tá an tUasal Danny Kerins, Oifigeach um Chosaint Sonraí, ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, ina oifigeach ainmnithe chun glacadh le nochtuithe cosanta.
Sonraí teagmhála: 066-7193900, tríd an ríomhphost corporateaffairs@kerryetb.ie nó tríd an bpost chuig:
An tOifigeach um Chosaint Sonraí
An Rannóg Corparáide, Caipitil & Teicneolaíochta
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
An Lárphointe
Bóthar J. J. Mhic Shíthigh
Trá Lí
Co. Chiarraí
V92P2FE
Mír 22 Tuairisc ar Nochtuithe Cosanta
2023
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, agus an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022 dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2023. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2022
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2022. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2021
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2021. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
Tuarascáil Bhliantúil 2021
2020
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2020. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2019
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2019. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2018
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2018. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2017
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2017. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2016
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2016. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
2015
Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2015. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.