De bharr gur comhlacht reachtúil é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, ní mór dó cloí le Treoirlínte agus Reachtaíocht Soláthair na hEorpa. D’fhonn na ceanglais sin a bhaint amach, tá líon Beartas agus Nósanna Imeachta curtha i dtoll a chéile ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí chun cuntasacht agus trédhearcacht maidir le ceannach a chinntiú. Ina theannta sin, cuirtear na Beartais agus Nósanna imeachta sin i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú:
- go bhfaightear Luach ar Airgead agus gur féidir sin a léiriú.
- go gcaitear le soláthraithe go cothrom agus go cóir.
I gcomhréir le Reachtaíocht na hEorpa, déantar tairiscintí ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil luach níos mó ná €25,000 (gan VAT san áireamh) ag dul leo a fhógairt ar an láithreán gréasáin soláthair eTenders.