Press "Enter" to skip to content

Tá Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Phobail, tar éis Stádas mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach – an tAon Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta in Éirinn.

Grianghraf: Sorcha Ní Chatháin, Féilim Ó Súilleabháin, Emma Ní Chéilleachair, Cilian Ó Loingsigh.
Grianghraf: Sorcha Ní Chatháin, Féilim Ó Súilleabháin, Emma Ní Chéilleachair, Cilian Ó Loingsigh.

Is cúis mhór bróid do Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Phobail (Scoil an Ghleanna SNP), atá ar cheann de na 4 Scoil Náisiúnta Phobail atá á reáchtáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, an stádas seo mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach – an tAon Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta in Éirinn. Tugann an stádas seo aitheantas do thiomantas na scoile d’fhorbairt na Gaeilge agus chultúr na Gaeilge sa phobal, rud a thacaíonn leis na hiarrachtaí náisiúnta atá ar bun chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Labhair Sorcha Ní Chatháin, Priomhoide Scoil an Ghleanna faoi cé chomh bródúil agus atá sí faoin stádas nua seo:

“Tá na scoláirí agus pobal na scoile, mar aon le pobal an Ghleanna, mórtasach as an stádas oifigiúil a bronnadh ar Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail le gairid. Ba í díograis na scoláirí agus fhoireann na scoile, mar aon le tacaíocht na dtuismitheoirí, agus iad ag comhoibriú lena chéile, a chinntigh toradh fónta na scéime trínar ghnóthaigh an scoil an gradam eisceachtúil seo. Gabhaim buíochas go pearsanta le gach aon duine a chuidigh linn an próiseas seo a thabhairt chun críche, éacht a rachaidh go mór chun leas na Gaeilge agus chun tairbhe na Gaeltachta amach anseo. Gabhaim buíochas ó chroí chomh maith le mo leathbhádóirí ar fhoireann na scoile, as a ndílseacht agus a dtiomantas.”

Is le blianta fada a bhfuil timpeallacht shaibhir teanga á cur chun cinn ag Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Phobail, faoi choimirce BOO Chiarraí, timpeallacht inar féidir leis na scoláirí a saol laethúil a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Tabharfaidh an stádas seo mar Scoil Ghaeltachta deis don scoil a tiomantas i leith chur chun cinn na Gaeilge a fhorbairt, agus eispéireas oideachasúil níos bríomhaire ná riamh a chur ar fáil do na foghlaimeoirí.

Dúirt Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceol le BOO Chiarraí go raibh lúcháir uirthi faoin éacht atá bainte amach ag an scoil: “Is éacht iontach é seo do Scoil an Ghleanna stádas mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach. Tugann an stádas seo aitheantas dá thiomanta atá pobal na scoile timpeallacht a chruthú ina mbeidh an Ghaeilge faoi bhláth ar gach slí. Agus stádas faighte aici mar an t-aon Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta in Éirinn, beidh an scoil ina dea-shampla agus ina hinspioráid agus í mar eiseamláir a chruthaíonn gur féidir leis an oideachas a bheith ina spreagadh mór chun ár dteanga agus ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a cheiliúradh.”

Bhí an méid seo le rá ag Pádraig Ó Donnabháin, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoileanna, Cúis bhróid agus áthais do Bhord Bainistǐochta Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Phobail, go bhfuil aitheantas tugtha ag an Roinn Oideachas don scoil mar Scoil Ghaeltachta. Táimid buíoch d’fhoireann na scoile as an díograis atá léirithe acu go leanúnach i leith na scoláirí. Moltar na scoláirí freisin dá gcomhoibriú agus dá ndúthracht in imeachtaí go léir na scoile.

De bharr an stádais nua seo a bheith faighte ag Scoil an Ghleanna SNP mar Scoil Ghaeltachta, beidh rochtain aici ar acmhainní breise atá dírithe go speisialta ar scoileanna Gaeltachta, lena n-áirítear cláir theanga agus tacaíochtaí cultúrtha feabhsaithe a threiseoidh go mór an nasc atá ag na scoláirí le hoidhreacht na Gaeilge. Is forbairt bhunathraitheach don scoil an stádas nua seo; daingníonn sé ról na scoile mar chrann taca don teanga agus don chultúr agus is comhartha láidir é de bhunluachanna BOO Chiarraí oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách.

 

 

 

© 2025 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar