Press "Enter" to skip to content

Rath á Chothú: Tallann agus Aistir Spreagúla á gceiliúradh ag Comhbhronnadh Céime Printíseachta

Rinne Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir (BOO Luimnigh agus an Chláir) ceiliúradh ar bhronnadh céime a gcuid printíseach Dé hAoine, 3 Samhain, ag Óstán agus Spá Radisson Blu i Luimneach. D’óstáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí an chéad imeacht dá leithéid i ndiaidh COVID in 2022.

Thug Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Jim Meade, príomhóráid spreagúil, ag tarraingt ar a thuras pearsanta mar phrintíseach feisteora i 1979, ag dul ar aghaidh go ról an Phríomhfheidhmeannaigh, agus ag roinnt léargais luachmhara leis na céimithe. Threisigh sé nach raibh sa bhronnadh céime ach an tús agus mhol sé dóibh dúshlán a leagan amach dóibh féin, agus ar sé “beidh libh, nó beidh ciall cheannaithe agaibh.”

Rath á Chothú: Tallann agus Aistir Spreagúla á gceiliúradh ag Comhbhronnadh Céime Printíseachta

Sheas Niall Collins TD, an tAire Scileanna agus Breisoideachais in éineacht le George O’Callaghan, POF BOO Luimnigh agus an Chláir, agus Colm McEvoy, POF BOO Chiarraí, chun na Dámhachtainí Náisiúnta Printíseachta a bhronnadh. Tugadh onóir do chéimithe BOO Chiarraí i réimsí éagsúla, lena n-áirítear réimse an leictreachais, réimse na déantúsaíochta miotail, réimse na gruagaireachta, réimse na pluiméireachta agus go leor eile.

In 2023, bhain 363 printíseach as Ciarraí, an Clár agus Luimneach céim amach ar 23 printíseacht éagsúil ó Mheicnic Aerárthaí go Gruagaireacht. In Éirinn, tá 73 printíseacht ar fáil thar raon earnálacha traidisiúnta agus ardteicneolaíochta inar féidir le céimithe cáiliú le Leibhéal 5 DCCÉ suas go dtí Printíseacht Dochtúireachta Leibhéal 10 DCCÉ.

Sheas turas iontach phrintíseach BOO Chiarraí James Culhane amach an lá sin. Thosaigh James ar a phrintíseacht ag 40 bliain d’aois, rud a thugann le fios nach bhfuil foghlaim agus fás nasctha le cúrsaí aoise. Agus é ag tosú ar athrú gairme níos déanaí sa saol, ghlac James le dúshláin Gearradh Cloch agus na Saoirseachta le díograis agus le fuinneamh. Mar Phrintíseach Gearradh Cloch agus Saoirseachta le hOifig na nOibreacha Poiblí, chuir a scéal caibidil uathúil inspioráideach le searmanas bronnta na bprintíseach.

Leagann scéal James Culhane béim ar chuimsitheacht agus inrochtaineacht na gclár printíseachta, agus béim á leagan gur féidir le daoine aonair a gcuid paisin a leanúint trí oideachas agus forbairt scileanna am ar bith sa saol. Is léiriú na héachtaí atá bainte amach ag James ar an tuairim nach bhfuil sé ródhéanach riamh do chuid aislingí a fhíorú agus barr feabhais a bhaint amach i do rogha réimse.

Léiríonn rath an chomhbhronnta phrintíseachta tiomantas an dá BOO chun ardán a chur ar fáil do cheardaithe oilte agus todhchaí gheal a chothú do chláir printíseachta in Éirinn.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar