Chuir LCYP Chiarraí agus KDYS Lios Tuathail cúrsa cruthaitheachta ar siúl ar feadh míosa le ceardlanna siamsúla maidir le Cúrsa Galf Dhá Mhaide a dhearadh. Chruthaigh baill an Chlub Óige tíonna agus plásóga tíála dá gcuid féin agus thug siad dúshlán a chéile maidir leis an gcluiche a imirt ar chúrsaí deacra agus leis na cúrsaí casta ar smaoinigh siad orthu a chruthú i ndáiríre. Oibríodh i ngrúpaí ag a raibh scileanna éagsúla, daoine nár rug ar mhaide gailf riamh cheana chomh maith le daoine ar annamh leo gan greim a bheith acu ar cheann.
