Ábhar scéil agus a insint nó struchtúr ar chumas an ealaíontóra a bhí mar chuspóirí leis na ceardlanna seo a eagraíodh i gcomhairle le baill den ghrúpa teicneolaíochta The Guild ag KDYS i dTrá Lí. Ba mhaith an deis a thug na ceardlanna maidir le hÚrscéal Grafaice d’aon duine ar mhian leo scéal a insint i modh sraith pictiúr. Pléadh cúrsaí dearthóireachta, clódóireachta, foilsitheoireachta agus saothar fiúntach a mbeadh an rath air; bhí d’aidhm leis an gcúrsa go gcruthófaí úrscéalta grafaice dáiríre i gcomhluadar dhaoine ar aon mheon cruthaitheachta lena chéile.
