Reáchtáil LCYP Chiarraí, i gcomhar le KDYS Thrá Lí, tráthnóna a raibh téama Cóiréach leis d’oíche an chultúir a raibh an ceol agus an chócaireacht is déanaí ón tír sin mar chuid de. Cuireadh tús leis an imeacht le Ceardlann ar Bhia Sráide na Cóiré agus taispeánadh don dream a bhí i láthair le roinnt miasa blasta a réiteach nach mbeadh aon eolas acu orthu fós b’fhéidir. Ansin nuair a bhí a ndóthain ite ag gach duine chas DJ ceol K-POP le go mbeadh atmaisféar Cóiréach ceart ann. Chinntigh sin go léir go raibh oíche mhaith ag cách agus iad ag foghlaim le bia sláintiúil agus nach bhfuil daor a réiteach agus iad ag cloisteáil ceol atá luaite go sonrach leis an tír sin chomh maith.