Press "Enter" to skip to content

Bunscoil Ladhar an Chrompáin ag glacadh ré nua chuici agus í ina ceathrú Scoil Náisiúnta Phobail de chuid BOO Chiarraí.

Mar bheart suntasach a léiríonn cás síorathraitheach an oideachais in Éirinn, tá fógartha ag Bunscoil Ladhar an Chrompáin go mbeidh sí ar an gceathrú Scoil Náisiúnta Phobail de chuid BOO Chiarraí. Is athrú é an cinneadh seo ón éiteas Caitliceach a bhí ann roimhe seo go dtí éiteas il-sainchreidmheach atá dírithe ar chuimsitheacht agus rogha níos fearr a chur ar fáil do theaghlaigh laistigh den phobal agus sa cheantar níos leithne. Is í Bunscoil Ladhar an Chrompáin an t-aon scoil a thabharfaidh an rogha seo do thuismitheoirí i gceantar Chiarraí thuaidh.

Léirigh an Príomhoide Eilish Lyons an spreagadh a bhí taobh thiar den aistriú seo, ag rá, “Bhí go leor tacaíochta ann dó go háitiúil. Tá reiligiúin éagsúla ag ana-chuid dár dteaghlaigh, agus theastaigh uainn rogha a thairiscint do gach duine. Is Éire atá ag athrú sinn.” Bhí an pobal áitiúil thar a bheith dearfach leis an gcinneadh, idir thuismitheoirí, mhúinteoirí agus dhaltaí. Leag Eilish béim ar chineál comhoibríoch an phróisis cinnteoireachta, ag cur béime ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus an bhoird bhainistíochta, chomh maith le Deoise Chiarraí.

Ní hamháin gur aistriú siombalach é an t-aistriú ach tá impleachtaí móra aige freisin ar fhealsúnacht agus luachanna oideachais na scoile. Cé nach bhfuil aon athrú ar an gcuraclam, léiríonn tabhairt isteach an Chláir Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa tiomantas don uilechuimsitheacht agus don éagsúlacht. Lean Eilish ar aghaidh, “Tá leanaí againn faoi láthair nach nglacann páirt inár ranganna reiligiún, a théann i mbun oibre eile, agus anois beidh siad páirteach go hiomlán sa lá scoile.”

Chuir Eilish béim ar an méid seo a leanas, “tá curaclam na bunscoile mar atá sé i ngach scoil eile ach cumasaíonn clár na bpátrún Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa a mhaireann 30 nóiméad in aghaidh an lae forbairt iomlánaíoch an linbh, ag tacú leo fás agus forbairt a dhéanamh mar rannpháirtithe gníomhacha ina gcuid foghlama agus ina gcuid pobal.” Trí na modheolaíochtaí teagaisc, cuirfear níos mó béime ar fhealsúnacht agus smaointeoireacht chriticiúil leis. Luaigh Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige, agus Ceoil ag BOO Chiarraí an tábhacht a bhaineann leis na scileanna seo a chothú ó aois an-óg. “Féachann scoileanna náisiúnta pobail le scileanna smaointeoireachta agus díospóireachta leanaí a fhorbairt agus a dtuiscint ar a smaointe féin agus smaointe daoine eile a éascú,” a mhínigh sí. “Cabhraíonn an fhealsúnacht le leanaí cuimhneamh agus machnamh domhain a dhéanamh ar a n-áit ina bpobal féin, sa tsochaí agus sa saol mór.”

Bhí rannpháirtíocht an phobail mar bhunchloch den aistriú seo, agus an scoil rannpháirteach go gníomhach le páirtithe leasmhara áitiúla ón tús. Ba shlite chun tuairimí agus ábhair imní a chur in iúl iad na cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pobail a reáchtáladh.

Maidir le foireann agus ceannaireacht, cuirfidh BOO Chiarraí tacaíocht agus oiliúint ar fáil don fhoireann i ndáil leis an aistriú. Cé nach mbeidh aon athruithe ar áiseanna na scoile, is í an fhís fhadtéarmach ná tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an scoil agus seirbhísí a leathnú más féidir, amhail bealach bus a chur ar fáil ó bhaile áitiúil má tá deichniúr daltaí ar a laghad ann a bhainfeadh úsáid as an tseirbhís.

Beidh breis roghanna agus deiseanna foghlama nua ann do dhaltaí, go hacadúil agus go sóisialta. Cuirfear bearta i bhfeidhm chun tacú le daltaí a bhfuil ceangail láidre acu le traidisiún Caitliceach na scoile, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt d’ullmhúchán don Chomaoineach agus don Chóineartú tar éis am scoile.

Agus Bunscoil Ladhar an Chrompáin ag tabhairt faoin aistear bunathraithe seo, tá sprioc uileghabhálach soiléir againn: a chinntiú go bhfáiltíonn an scoil roimh chách agus ag an am céanna timpeallacht foghlama bríomhar agus uilechuimsitheach a chothú. “Is áit iontach an scoil seo chun bunoideachas den chéad scoth a fháil, i dtimpeallacht álainn chiúin ar bhruach na Sméarlaí agus na Coillte in aice léi.” arsa Ann.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi áiteanna sa scoil ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an bPríomhoide Eilish Lyons ar (068) 48233 nó seol ríomhphost chuig lyreschool@gmail.com.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar