Ár bhfís
Is í an fhís chomhroinnte atá againn ná go mbeidh BOO Chiarraí ina cheannródaí nuálach ó thaobh dearadh agus soláthar a dhéanamh ar dheiseanna oideachais agus oiliúna atá ar cháilíocht dhearbhaithe agus a sheachadtar ar bhealach inbhuanaithe i gCiarraí.
Ár mBunchuspóir
Ar mhaithe lenar bhfís a bhaint amach, leanfaidh BOO Chiarraí d’fhorbairt shochaí foghlama ar feadh an tsaoil agus ar fud an tsaoil3 a chur chun cinn i gCiarraí ionas go mbeidh an rochtain chéanna ag cách ar dheiseanna oideachais agus oiliúna.
Ár Luachanna
Beidh ár mbunluachanna, Ionchuimsiú, Meas, Comhionannas, Cáilíocht agus Barr Feabhais san Fhoghlaim, mar bhonn agus taca ag ár ngníomhartha agus iompar, agus obair á déanamh againn chun ár mbunchuspóir agus fís.Tá na luachanna seo bunaithe ar an tuairim gur cheart go mbeadh sé de cheart ag gach aon duine rochtain a fháil ar dheiseanna oideachais agus oiliúna chun cabhrú leo lán a n-acmhainneachta a bhaint amach agus freastal a dhéanamh ar a riachtanais phearsanta, shóisialta, shibhialta, chultúrtha agus eacnamaíocha.
Táimid tiomanta do na luachanna sin a chur I bhfeidhm go gníomhach trínár ngníomhartha agus iompar, agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht an chur chun feidhme seo.