Press "Enter" to skip to content

Ambasadóir na hÚcráine ar cuairt i gCiarraí: Malartú Cultúrtha Croíúil

Mar léiriú tochtmhar ar mhalartú cultúrtha agus dlúthpháirtíocht, thug Ambasadóir na hÚcráine go hÉirinn, Gerasko Larysa, cuairt shuntasach ar Chiarraí, Éire. Bhuail an tAmbasadóir le foghlaimeoirí agus baill foirne ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí). Léirigh an chuairt cairdiúlacht agus fáilteachas phobal Chiarraí, chomh maith le tionchar dearfach an oideachais agus na hoiliúna.

Ar cheann de bhuaicphointí na hócáide, bhí léiriú corraitheach an chóir tíre Úcránach as Cill Airne, ina raibh mic léinn ó Choláiste Chiarraí páirteach. Bhí a gcuid séiseanna ceolmhara le cloisteáil tríd an ionad, ag cuimsiú na cruthaitheachta cultúrtha saibhir atá ar fáil san Úcráin agus in Éirinn. Ina theannta sin, chuir taibhiú bríomhar rince tuilleadh béime ar mheas an dá náisiún ar an léiriú ealaíne.
Agus é ar an gcéad duine a labhair, leag an Príomhoide Stephen Goulding béim ar thionchar bunathraithe an oideachais, ag rá, “I gColáiste Chiarraí, creidimid i gcumhacht a thabhairt do dhaoine aonair tríd an oideachais agus é a chur ar a gcumas acu a lánacmhainneacht a bhaint amach.” Tá tacaíocht chuimsitheach curtha ar fáil ag láithreacha Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí, lena n-áirítear Coláiste Chiarraí, do bhreis is 3,000 foghlaimeoir ón Úcráin, agus béim ar leith á cur ar inniúlacht sa Bhéarla. Trí leas a bhaint as líonra fairsing ionad agus campas BOO Chiarraí ar fud an chontae, tugadh an iliomad deiseanna do na foghlaimeoirí seo cur lena gcuid scileanna agus aistriú gan uaim isteach sa lucht saothair.

Lárnach don teacht le chéile seo, bhí na daltaí Úcránacha ó Choláiste Ghleann Lí agus ó Choláiste Chiarraí, a roinn go cróga a gcuid scéalta pearsanta faoin imeascadh, chomh maith leis na heispéiris dhearfacha atá acu ó tháinig siad go Ciarraí. Léiríonn a gcuid scéalta an tábhacht a bhaineann le tacaíocht an phobail agus an t-atmaisféar fáilteach a chothaíonn institiúidí mar BOO Chiarraí.

Threisigh Jim Finucane, Cathaoirleach BOO Chiarraí, an tábhacht atá le fáilte a chur roimh dhaoine aonair isteach sa phobal, ag rá, “Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid fáilte chroíúil rompu siúd a thagann ar lorg tearmainn agus deiseanna. Nuair a ghlacaimid le daoine ó chúlraí éagsúla, agus nuair a chuimsítear iad, éiríonn ár bpobal níos láidre agus níos athléimní. “Chuir sé béim ar a thábhachtaí atá sé áit a chruthú ina mothaíonn gach duine braistint chómhuintearas.

Bhí ról lárnach ag BOO Chiarraí maidir le tacaíocht riachtanach agus seirbhísí a sholáthar do theaghlaigh atá ag lorg áiteanna scoile dá leanaí. Tá an Fhoireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga laistigh den BOO tar éis daltaí ón Úcráin a tháinig go Ciarraí a chur isteach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud an chontae. Bhí ról lárnach ag an bhfoireann maidir le héascaíocht a dhéanamh ar chomhtháthú na ndaltaí seo isteach sa chóras oideachais áitiúil.

Ghabh an tAmbasadóir Gerasko Larysa buíochas ó chroí le muintir Chiarraí, go háirithe le bainistíocht agus foireann BOO Chiarraí, as a dtacaíocht agus as a bhflaithiúlacht gan staonadh do mhuintir na hÚcráine. “Thug croíúlacht agus flaithiúlacht phobal Chiarraí ní hamháin sábháilteacht, ach muintearas do na daoine a tháinig anseo ón Úcráin,” a dúirt sí. “Táimid thar a bheith buíoch as na deiseanna a tugadh dúinn agus as an gcineáltas a léiríodh in am an ghátair.”

Baineann cuairt an Ambasadóra Larysa go mór le luachanna BOO Chiarraí, áit a bhfuil Cuimsiú, Meas, Comhionannas, Cáilíocht agus Sármhaitheas san Fhoghlaim mar threoirphrionsabail. Tá na bunluachanna seo mar bhonn agus mar thaca ag gach gníomh agus iompar, de réir mar a leanann an eagraíocht go díograiseach lena mbunchuspóir agus lena fís. Agus iad fréamhaithe sa chreidiúint go bhfuil rochtain tuillte ag gach duine ar dheiseanna oideachais agus oiliúna, léiríonn na luachanna seo tiomantas d’acmhainneacht phearsanta, shóisialta, chathartha, chultúrtha agus eacnamaíoch a bhaint amach. Ní hamháin gur léiriú ar éiteas na heagraíochta é tiomantas BOO Chiarraí do chothú comhbhá agus dlúthpháirtíochta, is cuimsiú inláimhsithe é ar a chur chuige bunaithe ar luachanna i dtreo timpeallacht oideachais níos cuimsithí agus níos tacúla a chothú.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar