Dearbhú Cáilíochta i ndáil le Breisoideachas agus Oiliúint
Tá ceanglas ar BOO Chiarraí; de réir Alt 30 den Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 ceadú a fháil maidir lena Nósanna Imeachta Dearbhaithe Cáilíochta (QAP). Ceadaíodh an QAP do chláir Bhreisoideachais agus Oiliúna agus seirbhísí BOO Chiarraí i Meitheamh 2018. Is próiseas leanúnach é polasaithe agus nósanna imeachta ar leith a fhorbairt. Le linn na bliana 2020, beidh muid ag comhtháthú QAP bunaithe ar fud sholáthar FET agus déanfar seo roimh Athbhreithniú tionscnaimh an QQI ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna, agus sula ndéanfar tuilleadh forbartha ar QAP ar leith a thabhairt ar aghaidh. Príomhréimse ar a mbeifear ag díriú air maidir le gníomhaíocht feabhsaithe cáilíochta in 2020 ná mar a oibríonn na nósanna imeachta measúnaithe agus an nós imeacht nua i ndáil le ceadú, forbairt agus deimhniú cláir.
Déantar cur síos sna codanna a leanas ar an gcur chuige uileghabhálach agus ar pholasaí cáilíochta BOO Chiarraí. Is ag teacht leis na naoi sprioc atá leagtha amach i Straitéis Oideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí do 2018-2022 atá forbairt agus cur i bhfeidhm ár QAP.