Bhí blas den saol atá romhainn le fáil ag muintir Chathair Saidhbhín nuair a eagraíodh ceardlann dearthóireachta saor in aisce i gColáiste na Sceilge maidir le dróin. Foghlaimíodh ag na ranganna seo faoi chora nua teicneolaíochta maidir le cúrsaí dróin agus faoin úsáid a bhaintear astu i mbun talmhaíochta, mapála, scannánaíochta agus grianghrafadóireachta. Faoi dheireadh an chúrsa trí seachtaine bhí scannán críochnaithe ag na rannpháirtithe tar éis dóibh eagarthóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an lón scannánaíochta, a thóg siad le ceamaraí HD ar dhróin, de cheantar ina bhfuil radhairc chomh breá agus atá in Éirinn.
![Drones-2](https://www.kerryetb.ie/wp-content/uploads/2020/05/Drones-2-2.png)