Tinneas nua is ea COVID – 19 atá ábalta cur isteach ar do chuid scamhóg agus aerchonairí. Víreas ar a dtugtar coróinvíreas is cúis leis.
Siomptóim an Choróinvíris
D’fhéadfadh sé a bheith 14 lá sula dtiocfadh siomptóim an choróinvíris chun cinn.
Is iad seo a leanas siomptóim an choróinvíris:
- casacht
- gearranáil
- deacrachtaí anáil a tharraingt
- fiabhras (teocht ard)
Mar is féidir ionfhabhtú a chosc
- Nigh do lámha i gceart agus go minic.
- Clúdaigh do bhéal agus srón nuair atá tú ag casacht agus ag sraothartach.
- Cuir ciarsúir pháipéir sa bhosca bruscair agus nigh do lámha
- Glan agus díghalraigh rudaí agus dromchlaí a dteagmhaítear go minic leo.
- Déan iarracht gan dul ró-ghar do dhaoine atá tinn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gCoróinvíreas ar www.hpsc.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil ón Roinn Oideachais, féach thíos:
Lean comhairle na Roinne Gnóthaí Eachtracha maidir le taisteal ar https://www.dfa.ie/
Glaoigh ar HSELive ar an uimhir 1850 24 1850 má tá aon imní ort.