Press "Enter" to skip to content

D’oscail an Aire Oideachais Norma Foley campas nua Ghaelcholáiste Chiarraí go hoifigiúil.

group shot of ribbon cutting

Bhí ócáid thar a bheith tábhachtach inniu sa Chluain Mór i dTrá Lí nuair a d’oscail an tAire Oideachais Norma Foley campas nua Ghaelcholáiste Chiarraí go hoifigiúil. Ba í an ócáid ​​seo buaicphointe na mblianta pleanála agus forbartha, agus is caibidil nua é don Ghaeloideachas i dTrá Lí.

Chuir an tAire Foley in iúl go raibh sí bródúil as an tionscadal a fheiceáil ag teacht chun críche. “Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu chun an ócáid ​​speisialta seo do Ghaelcholáiste Chiarraí a cheiliúradh. Tá moladh ar leith ag dul don cheannaireacht sa scoil, do dhiongbháilteacht na foirne, a mBord Bainistíochta agus ceannaireacht iontach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus an phobail i gcoitinne as an nGaelcholáiste nua iontach seo a sheachadadh.”

Labhair an chomhairleoir Norma Moriarty, Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí), ag an ócáid ​​chomh maith agus cur sí béime ar thábhacht na forbartha seo don phobal. “Is chéim iontach tábhachtach don oideachas i gCiarraí é oscailt champas nua Ghaelcholáiste Chiarraí. Léiríonn sé ár dtiomantas don Ghaeilge agus ár dtiomantas chun timpeallacht a sholáthar do dhaltaí inar féidir leo dul chun cinn go hacadúil agus go cultúrtha. Táimid bródúil ár dtacaíocht a thabhairt don scoil seo agus é ag leanúint ar aghaidh ag dul ó neart go neart.”

D’fhreastail daltaí na scoile, baill foirne, aíonna áitiúla, chomh maith le h-ionadaithe ón mórphobal agus BOO Chiarraí ar an searmanas. Chuir an Príomhoide Ruairí Ó Cinnéide fáilte roimh an Aire Foley agus na haíonna. “Tá pobal na scoil an-mórálach inniu. Ní hamháin gur bogadh fisiciúil é an campas nua seo, ach céim ollmhór chun cinn inár misean oideachas don céad scoth a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge dár bpobal. Táimid thar a bheith buíoch den Aire Foley as a tacaíocht leanúnach agus as ár mbaile nua a oscailt go hoifigiúil.”

Tá áiseanna nua-aimseartha san fhoirgneamh nua, ina measc, saotharlanna eolaíochta, innealtóireachta agus ríomhaireachta, halla spóirt agus giomnáisiam, seomra ealaíne, seomra teicstíle, leabharlann agus áiseanna seachtracha do dhaltaí. Tá na háiseanna seo deartha chun an eispéireas oideachais a fheabhsú agus chun na haon ní a theastaíonn uathu a bheith ar fáil do dhaltaí chun barr feabhais a chur ar a gcuid staidéir agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Leag Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, an Óige agus Ceol, béim ar thábhacht an champais nua chun tacú leis an éileamh atá tagtha ar an nGaeloideachais sa cheanntar. “Tá cáil ar Ghaelcholáiste Chiarraí le fada an lá, agus cuirfidh an campas nua seo ar chumas na scoile leanúint lena ról ríthábhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir Gaelach. Is  infheistíocht i todhchaí na h-óige e an infheistíocht a déanadh ar an gcampas seo, ag cinntiú go bhfuil hacmhainní is fearr ar fáil dóibh agus iad ag leanúint lena gcuid oideachais.”

Deis a bhí san ócáid ​​freisin machnamh a dhéanamh ar stair Ghaelcholáiste Chiarraí, atá ina chrann taca de phobal na Gaeilge i dTrá Lí le breis agus tríocha bliain.  Mar a chríochnaigh an searmanas, bhí dóchas agus sceitimíní ann maidir lena bhfuil i ndán do Ghaelcholáiste Chiarraí. Ní foirgneamh amháin atá sa champas nua ach comhartha de thiomantas leanúnach na scoile oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar trí Ghaeilge agus nasc láidir pobail a chothú i measc na daltaí agus na foirne.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar