Press "Enter" to skip to content

Gradaim Dhaltaí BOO Chiarraí ag léiriú ómóis ar Cheannaireacht, ar Thionchar Pobail agus ar Shármhaitheas Acadúil

Reáchtáladh Searmanas Gradam Daltaí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) 2024 i gCill Airne. Tugann an ócáid bhliantúil seo aitheantas d’éachtaí iontacha na ndaltaí, agus léirigh sé dúthracht agus tallann daltaí agus foghlaimeoirí óga BOO Chiarraí óna scoileanna agus óna n-ionaid Ógtheagmhála.

I rith na hoíche seo a bhí lán le bualadh bos agus mórtas, bhronn BOO Chiarraí duaiseanna ar 64 dalta agus foghlaimeoir, thar 13 chatagóir ar leith. Ina measc seo, tugadh aitheantas ar shármhaitheas acadúil, carachtar eisceachtúil, rannpháirtíocht i saol na scoile, agus gnóthachtáil shuntasach spóirt. Léirigh an searmanas seo, a reáchtáladh chun éachtaí na bliana acadúla seo caite a cheiliúradh, obair chrua agus tiomantas na ndaltaí agus na bhfoghlaimeoirí.

Dúirt duine de bhuaiteoirí na nGradam Ceannaireachta Eisceachtúla a léirigh ceannaireacht den scoth i gComhairle na nDaltaí Ógtheagmhála, “Chuaigh sé go croí ionam an gradam seo a fháil, is cuma faoin teideal atá air – is ríthábhachtach an tionchar dearfach a bhíonn againn ar dhaoine eile. Is tábhachtach gan tú féin a spáráil nuair is féidir leat, beag beann ar rud éigin a fháil ar ais mar is ag cur le timpeallacht de thabhairt agus spreagadh atá tú. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le foireann iomlán Ógtheagmhála Chill Airne as mé a spreagadh i gcónaí” arsa Brendan Bearss, a fuair gradam.

Labhair Aliza Gul, duine de bhuaiteoirí Ghradam Gnóthachtála na hIdirbhliana, mar seo a leanas faoina héacht: “Ní bhaineann an gradam seo le haitheantas a fháil, is teist é ar chumhacht na dúthrachta agus ar an gcreideamh go gcuireann gach iarracht, is cuma cé chomh beag, le rud éigin níos mó,” a dúirt sí.

Léirigh an bhainistíocht a mbuíochas don fhoireann thiomanta a chuimsíonn breis agus 1300 duine ar fud an chontae. Ó stiúrthóirí go múinteoirí, gabhadh buíochas ó chroí leo as a dtiomantas do rathúlacht na ndaltaí. Tugadh aitheantas leis don ghréasán tacaíochta a théann níos faide ná geataí na scoile. Moladh na Boird Bhainistíochta, Comhairlí Daltaí agus Tuismitheoirí, agus Bord BOO Chiarraí as a gcuid iarrachtaí dícheallacha ag cinntiú go gcuirfí deiseanna oideachais ar ardchaighdeán ar fáil atá oiriúnaithe chun freastal ar riachtanais éagsúla daltaí agus foghlaimeoirí BOO Chiarraí.

Roinn Joseph Lovett, buaiteoir an Ghradaim um Shármhaitheas Spóirt agus é ar dhuine de cheathrar sa chatagóir seo, a chuid smaointe faoi mar a chuireann an spórt lena shaol: “Mhúin an spórt dom níos mó ná an bua a fháil, chuir sé ar mo shúile dom an luach a bhaineann le hobair foirne agus leis an mbuanseasmhacht. Spreagann an gradam seo mé chun leanúint ar aghaidh ag brú agus ag iarraidh na sármhaitheasa a bhaint amach.”

Agus í ag fáil an Bhoinn Óir do na torthaí acadúla is fearr ar an iomlán, dúirt Lauren O’Sullivan, “Ní hamháin gur aitheantas é an gradam seo ar mo chuid éachtaí acadúla, ach is léiriú é freisin ar an bpaisean agus ar an díograis atá agam don fhoghlaim. Ó aois an-óg, bhí an-suim agam go deo agam sa mhatamaitic, san eolaíocht agus san innealtóireacht, agus is iontach an luach saothair é an t-aitheantas seo a fháil.”

Agus an tráthnóna ag druidim chun deiridh, sheas teachtaireacht láidir na hoíche amach go soiléir. Ní bhaineann rathúlacht le héachtaí acadúla amháin ach baineann sé le carachtar, ceannaireacht agus rannpháirtíocht pobail leis. Sheas Searmanas Gradaim Daltaí BOO Chiarraí mar theist ar an tallann iontach agus ar an acmhainneacht a chothaítear laistigh de scoileanna, ionaid agus campais an BOO, rud a chinntíonn todhchaí níos gile do dhaltaí agus foghlaimeoirí uile an chontae.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar