Press "Enter" to skip to content

Ní neart go cur le chéile agus Plean Straitéiseach um Obair don Aos Óg agus Plean Straitéiseach um Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach á seoladh ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) a Phlean Oibre don Aos Óg 2023-2027, mar aon lena Phlean Straitéiseach um Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach, ag ócáid a reáchtáladh in Amharclann Naomh Eoin, Lios Tuathail. Léirigh an ócáid seo cumhacht na hoibre don aos óg agus cruthaitheacht leanaí agus daoine óga, ag cur béime ar iarrachtaí comhoibríocha a chuireann deiseanna ar fáil d’aos óg Chiarraí.

Ó cheol beo go léirithe drámaíochta, ba léiriú iontach an t-imeacht seo ar thionchar na hoibre don aos óg. Chomhoibrigh daoine fásta agus daoine óga araon ag an imeacht faoi théama comónta chun fiosrú a dhéanamh ar láidreachtaí daoine óga agus ar na slite a d’fhéadfaidís tacaíocht bhreise a fháil. Cuireadh an lucht freastail i ngrúpaí chun oibriú le chéile ar thionscadal ealaíne le linn an tseolta chun taispeántas iontach LED a dhéanamh den fhocal ‘Unity,’, léiriú siombalach den iarracht chomhoibríoch a rinneadh sna pleananna straitéiseacha.

Is treochlár é Plean BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg dá thiomantas do sheirbhísí óige i gContae Chiarraí. Tá sé i gcomhréir le freagracht reachtach BOO Chiarraí tacú le soláthar, comhordú agus riar seirbhísí oibre don aos óg. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, rinneadh teagmháil fhairsing le páirtithe leasmhara, daoine óga, agus eagraíochtaí éagsúla a oibríonn go díreach le daoine óga.

Is fócas láidir den phlean forbairt a dhéanamh ar ár gcumas mar phobal oibriú le chéile chun tacú le daoine óga éirí go maith agus iad ag fás aníos i gCiarraí. Sheol Aodhán Morrison agus Keira Griffin, ionadaithe óige ar Choiste BOO Chiarraí um Obair don Aos Óg an Plean um Obair ar Aos Óg agus bhí sé seo a leanas le rá acu: “Agus sinn ag dul ar aghaidh, beimid tiomanta i gcónaí do thionchar dearfach a bheith againn agus do ghuthanna daoine óga a fheabhsú. Leanfaimid orainn ag dul i mbun teagmhála, ag ceiliúradh a n-éagsúlachta, agus ag cur ar chumas daoine óga a dtodhchaí féin a mhúnlú. Le chéile is féidir linn pobal a chruthú ina n-éiríonn le gach duine óg, áit a léirítear grá ar a nguthanna agus a gcloistear iad, agus ina ndéantar a n-aislingí agus a n-ardmhianta don athrú a fhíorú.”

Leagtar amach sa Phlean um Obair don Aos Óg fís agus luachanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga ar fud an chontae agus áirítear ann gníomhartha a bhaineann le: soláthar leanúnach seirbhísí óige cuimsitheacha atá ar ardchaighdeán. An gá atá le tuilleadh maoinithe i réimsí atá gann ar acmhainní. An gá atá le spásanna inrochtana don óige. Chomh maith leis sin, luach na gclubanna agus na ngrúpaí óige áitiúla faoi stiúir oibrithe deonacha agus an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil daoine óga i gcroílár na tacaíochta go léir a chuirtear ar fáil dóibh.

Bhí ríméad ar Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí de chuid BOO Chiarraí a bplean straitéiseach cúig bliana a chur i láthair an tseachtain seo freisin. Tá an plean ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ar shuíomh gréasáin BOO Chiarraí. I measc na dtosaíochtaí sa phlean, tá 29 príomhghníomh agus 4 sprioc uileghabhálacha a dhíríonn ar chomhpháirtíochtaí inbhuanaithe, éisteacht le guthanna na hóige, glacadh le cruthaitheacht bunaithe ar chearta, chomh maith le cáilíocht agus infheictheacht a chinntiú in obair Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí.

Bhí Kayla McGaley ó Thionscadal Construct in Oileán Ciarraí atá á óstáil ag an gColáiste Pobail, ar dhuine de na rannpháirtithe óga ag an imeacht. Tacaíonn Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí agus an Tionscadal Oibre Óige UBU sa cheantar leis an gclár seo. Tá iarracht leanúnach á déanamh faoi láthair spás lasmuigh a dhearadh don aos óg in Oileán Ciarraí. Chuir Kayla a smaointe in iúl faoin gcomhoibriú seo, ag rá, “Cuireann sé ar ár suaimhneas sinn go n-aithníonn eagraíocht amhail BOO Chiarraí go bhfuil gá le spásanna inar féidir linne, óige Oileán Ciarraí, teacht le chéile go sábháilte. Tá spás á fhorbairt againn a bheidh inrochtana do gach duine óg in Oileán Ciarraí le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla. Tá tionscnaimh oibre don aos óg agus Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí araon ag obair go gníomhach linn gach seachtain, ag tacú lenár n-uaillmhianta.”

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar