Press "Enter" to skip to content

Déanann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ceiliúradh ar Churaidh Worldskills

Rinne Bord Bainistíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ceiliúradh le déanaí ar ghrúpa foghlaimeoirí eisceachtúla ó Choláiste Chiarraí ar éirigh thar barr leo ag an gcomórtas Worldskills. Ba cheiliúradh é ar thallann, ar dhúthracht agus ar an tiomantas gan staonadh don tsármhaitheas a léirigh na gairmithe óga seo sa chruinniú.

Ag cuimhneamh ar an rath iontach seo, bhí bród ar an Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna, Owen O’Donnell, as an rath a bhí orthu agus ar sé, “Is léiriú iad éachtaí ár bhfoghlaimeoirí ag an gcomórtas Worldskills ar an díograis agus ar an obair chrua a rinne siad chun a gcuid scileanna a fheabhsú. Is ábhar sásaimh dúinn an feabhas a tháinig orthu mar dhaoine aonair ach is ábhar mór bróid dúinn an t-aitheantas a tharraing siad ar Choláiste Chiarraí ar an ardán domhanda.”

Déanann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ceiliúradh ar Churaidh Worldskills

Chuir Bord BOO Chiarraí fáilte mhór roimh ghrúpa éagsúil daoine cumasacha thar dhisciplíní éagsúla, ar leag gach duine acu béim ar scileanna agus cumas iontach ina réimsí féin faoi seach. Ina measc, bhí foghlaimeoirí a raibh cáil bainte amach acu ar an stáitse domhanda:
Ciara O’Sullivan, Buaiteoir an Bhoinn Airgid san Áilleacht. Alison O’Sullivan, a bhain an Dara hÁit amach i réimse na Chefanna Commis. Pádraig O’Doherty, a bhain an Dara hÁit amach in Uathoibriú Meicniúla agus Feistiú Cothabhála. Bhí Kieran Finnerty, Buaiteoir an Bhoinn Airgid, in éineacht le Carl Lawrence, Petra O’Flaherty, Robert Cooke, agus Sean O’Reilly ar an bhfoireann Gearradh Cloiche agus Saoirseachta. Sheas Frank Moffit amach leis mar speisialtóir oilte ar chúrsaí Pluiméireachta. D’oibrigh Clinton Fitzgerald, an saineolaí cumasach Léiriúcháin Craolacháin sa stiúideo teilifíse ar an láthair agus chinntigh sé taifeadadh agus sruthú na hócáide a bhunaigh Coláiste Chiarraí, agus stiúir sé an stiúideo teilifíse ar feadh na hócáide.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Bainistíochta BOO Chiarraí, Jim Finucane, “Inniu, aithnímid bhur n-éachtaí iontacha ón imeacht Worldskills. Tá sé ríthábhachtach go leanfar le líne sholáthair ríthábhachtach de cheardaithe cáilithe chun tacú le fás eacnamaíoch leanúnach. Is slí iontach chun scileanna a fhorbairt in Éirinn iad printíseachtaí, agus cuireann siad go leor roghanna spreagúla agus luach saothair ar fáil ó thaobh gairmeacha beatha de.”

Ba dheis luachmhar an cruinniú do chomhaltaí an Bhoird comhghairdeachas pearsanta a dhéanamh leis na foghlaimeoirí cumasacha seo agus buíochas a ghabháil lena gcuid teagascóirí díograiseacha. Ní hamháin go gcuireann rath na bhfoghlaimeoirí ag an gcomórtas Worldskills béim ar a gcumas aonair ach leagann sé béim freisin ar na caighdeáin eisceachtúla oideachais agus oiliúna a chuirtear ar fáil i gColáiste Chiarraí.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar