Press "Enter" to skip to content

Final Xmas card Comp 2023-en-ga-IH-C

Reáchtáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) a Chomórtas Cárta Nollag bliantúil nuair tugadh cuireadh d’iontrálacha ón 8 n-iar-bhunscoil de chuid BOO Chiarraí atá lonnaithe ar fud an chontae. Le breis agus 220 iontráil, cinneadh an-deacair a bhí ann na triúr buaiteoirí a roghnú.

Ba é an t-urraitheoir Brendan Culloty ó Hugh Culloty Expert a bhronn duais an bhuaiteora i mbliana. Fuair an buaiteoir Gemma O’ Donoguhe, dalta sa chéad bhliain i gColáiste na Sceilge, táibléad Samsung Galaxy. Fuair an bheirt a tháinig sa dara háit, Lizzy Griffin, dalta sa tarna bliain i gColáiste na Ríochta agus Mary Reidy, dalta Idirbhliana i Scoil Chuimsitheach an Tóchair, cluasáin JBL gan sreanxmas card comp 2023

Rinne Ann O’ Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceoil, comhghairdeachas leis na daltaí agus ar sí, “Léirigh gach cárta a cuireadh isteach an tallann iontach ealaíne atá inár scoileanna. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach dalta a chuir isteach ar an gcomórtas le linn na féile seo. Scaipfear an cárta buaiteach ar fud na tíre mar ríomhchárta Nollag oifigiúil BOO Chiarraí.”

De réir an Phríomhfheidhmeannaigh, Colm McEvoy, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach dalta a ghlac páirt agus lena múinteoirí ealaíne as a ndíograis, rud a chabhraigh chun a chinntiú go raibh Comórtas Cárta Nollag BOO Chiarraí iontach againn i mbliana agus le Hugh Culloty Expert, Trá Lí as urraíocht a dhéanamh ar na duaiseanna.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi scoileanna BOO Chiarraí, téigh chuig: www.kerryetb.ie/schools-youth-music/

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar